Language And Adolescent Peer Groups ag Penelope Eckert

Achoimre:

            Baineann an t-alt le cumhacht na teanga agus na hógánaigh, deir Eckert go bhfuil óg-chultúr ann mar thoradh ar an fhuireachas a bhíonn ag na hinstitiúidí forlámhaithe ag daoine fásta (méanscoil).  Is gá don tsochaí a fheiceáil go bhfuil iompar na n-ógánach múnlaithe ag na suíomhanna lena theagmhaíonn siad.

            Is ó na hinstitiúidí forlámhaithe ag daoine fásta a dtagann an t-ord sóisialta phiara agus imríonn an teanga ról lárnach i gcruthú agus coimeád an t-ord sóisialta sin.  Tá feidhm stíleach ag an teanga, cruthaíonn sé sainiúlacht agus cuidíonn an stíl chun an suíomh ina bhfuil na hógánaigh a mhíniú agus áit a éileamh ann.  Feictear é seo go soiléir sa choimhlint idir an teanga caighdeánach (institiúidí) agus an chanúint (dearcadh frith-hinstiúideach).  Baintear úsáid astu le seasamh áirithe a léiriú nó teorainneacha le grúpaí eile a shoiléiriú, ach chomh maith leis sin is féidir leo teorainneacha a léiriú laistigh den ghrúpa féin, mar shampla, léiríonn canúint láidir ag duine amháin mothúcháin níos láidre ná ag na daoine eile sa ghrúpa.

            Is é béarlagair nuáil foclóireachta na ngrúpaí mídhlísteanacha, na hógánaigh ina measc.  Is cuid de stíl é a bhíonn sothuigthe laistigh den phobal ina chruthaítear é, mar shampla béarlagair na favelas i Rio de Janeiro.  Cé go dtagann an béarlagair ó ghrúpaí neamhthairiseacha ógánta, corruair úsáideann na hógánaigh meánaicmeacha é chun iad féin a imeallú ón sheanghlúin, cé nach dteastaíonn uathu iad féin a imeallú ón mheánaicmeach féin.

            Is é tuairim Eckert go bhfuil na hógánaigh chun tosaigh ar na haoisghrúpaí eile ó thaobh athrú teangeolaíochta de.  Tá áit mhaith acu chun athrú sóisialta a fhreagairt.  Tá siad ag athmhíniú an domhain agus ag cruthú údaráis nua a glacfaidh siad ar aghaidh mar an chéad ghlúin eile.  Síleann Eckert gur phobal institiúidithe iad na hógánaigh, rud atá dianaithe nuair atá anbhá morálta ann faoi iompar na n-ógánach, go háirithe ó thaobh teanga de agus is é an toradh ar sin na go ndéantar ‘eile’ de na hógánaigh ag na daoine fásta.

Freagraí: 3 (+do cheann féin?)

  1. criostoirohulgin
    DFó 03, 2010 @ 23:42:20

    Hi cara!!!

    Tusa an t-aon cara amháin atá agam fós… níl mé ábalta aon duine a aimsiú ar wordpress aah is fuath liom é!

    Tá sé giota beag greannmhar mar is cosúil go bhfuil a lán rudaí a ndúirt tú fán airteagal sin ag Eckert, go bhfuil na rudaí céanna ag teacht amach san airteagal s’agam féin.

    Is léir go bhfuil tionchar láidir ag an aos óg, má tá muid chun na hairtigil a chreidmheáil.

    O agus is maith liom an leathanach, beidh ort cuidigh liom mo blog a snazzy-up!! :):):)

    Freagra

    • sineadnimhearnog
      DFó 04, 2010 @ 20:44:39

      cen alt a bhi agat? ta m’idirlion iontach mall agus nil me in ann dul ar do bhlagsa! ach is leir go bhfuil baint ag na hailt ar fad bainteach le cheile ar bhealach eigin trid an sochtheangeolaiocht. cuideoidh me leat amarach le do bhlag! 🙂

      Freagra

  2. breda1
    DFó 08, 2010 @ 22:17:42

    A Shinéad,

    Ábhar fíor-spéisiúil ar fad atá ansin! Meas tú an bhféadfaí an méid atá an údar a chur chun cinn a chur i bhfeidhm ar chás na Gaeilge, sa tslí is gur miontheanga í?

    Breda 🙂

    Freagra

Freagra