Scálaí Likert

Is uirlisí iad scálaí chun fáil amach cé chomh láidir agus atá an mothúchán nó an dearcadh atá ag duine nó grúpa daoine ar théama áirithe.  Tá réimse mór scálaí ann, cuid acu atá casta le cruthú agus le hanailisiú, (mar shampla, Scálaí Thurstone agus Guttman).  Is é an ceann is éasca le hionramháil dar le Judith Bell ná an Scála Likert (Bell, 2006).

Cruthaíodh fear darb ainm Rensis Likert an scála seo sna tríochaidí.  Is bealach é le crobhaing dhearcthaí a imscrúdú (Bryman, 2008: 145).  Go bunúsach séard atá sna Scálaí Likert ná treoir ilmhíre ar shraith dhearcthaí bainteach le téama áirithe.  Deir Bryman gurb é sprioc na Scálaí Likert ná tréine mhothúchán ó thaobh an téama áirithe sin a thomhas (Bryman, 2008: 146).  Tá na Scálaí Likert feicthe againn uilig agus líonta amach againn sna paipéir nuachtáin nó sna hirisí.  Go hiondúil, is sraith ráiteas atá i gceist (nó míreanna de réir Bryaman (Bryman, 2008: 146)) a dhíríonn isteach ar théama áirithe, agus ansin faoi na ráitis bíonn rogha freagraí agat a léiríonn cé chomh láidir agus a aontaíonn tú leis an ráiteas nó nach n-aontaíonn tú leis.  De ghnáth is é an leagan amach a bhíonn in úsáid ag na scálaí chun na mothúcháin a léiriú ná scála chúig-phointe a théann ó ‘aontú go láidir / strongly agree’ go ‘easaontú go láidir / strongly disagree’, mar shampla:

Cuir ciorcal thart ar an uimhir atá is congaraí de do thuairim féin, 1-aontú go láidir, 5-easaontú go láidir:

‘Tá an Ghaeilge i bhfad níos éasca le foghlaim ná an Béarla’

1          2          3          4          5

Ach chomh maith leis sin is féidir leat scála seacht-bpointe á úsáid agus rudaí eile in áit ‘aontú go láidir’, mar shampla nuair atá cúrsaí ama i gceist is féidir leis an scála dul ó ‘go han mhinic’ go ‘go han hannamh’, mar shampla:

Cuir ciorcal thart ar an uimhir atá is congaraí de do thuairim féin, 1-go han mhinic, 7-go han hannamh:

‘Labhraím Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais…’

            1          2          3          4          5          6          7

Go hondúil bíonn suíomh sa lár fá choinne freagra neodrach a thabhairt, mar shampla, ‘ní aontaím nó ní easaontaím’ nó ‘éiginnte’.

Is í an bhuntáiste atá ag na Scálaí Likert ná go bhfuil tú in ann táille a thabhairt d’achán fhreagra, agus ansin ag an deireadh cuirtear na táillí uilig le chéile chun táille iomlán a thabhairt.  Tá próiseas ann chun na ráitis den leagan críochnúil a phiocadh mar gheall air seo, agus tá sé léirithe agam thíos.  Deir Bryman go léiríonn an táille ard go bhfuil mothúcháin láidir ag an duine sin, mar shampla, faightear 5 (táille ard) leis an fhreagra, ‘aontú go láidir’ agus faightear 1 (táille íseal) leis an fhreagra ‘easaontú go láidir’,(Bryman, 2008: 146). 

In amanna bíonn cuma suimiúil ar na scálaí seo agus is minic a bhaineann daoine sásamh as na scálaí seo a líonadh isteach dar le Robson (Robson, 1993: 256).  Síleann Robson go dtiocfadh leis seo a bheith tábhachtach; beidh seans níos fearr go ndéanfadh an duine sin tuilleadh machnaimh sula bhfreagródh sé nó sí an ráiteas seachas é a fhreagairt ar bhealach míchúramach nó ar bhealach nach bhfuil críochnúil.  Tá ciall ag baint leis seo dár ndóigh, mar ní bheidh daoine sásta an t-am a chaitheadh ar fhreagraí a chur leis an cheistiúchán nó pé rud atá ann má tá cuma leadránach air.

Tá cúpla rudaí ba chóir duit coinneáil i d’intinn agus tú ag deileáil leis na Scálaí Likert: (Bryman, 2008: 147). 

  • Is ráitis atá i gceist chan ceisteanna.
  • Beidh na ráitis sin bainteach leis an téama céanna. (post, eagraíocht, dífhostaíocht srl.)
  • Ba chóir go mbeadh na ráitis atá ann comhghaolmhar.

 

Chun Scála Likert a chruthú: (Robson, 1993: 256).

  • Beidh ort rudaí a tharraingt le chéile a bhfuil an cuma orthu go bhfuil siad tábhachtach don téama; is féidir leat é sin a dhéanamh trí amharc ar scálaí atá ann cheana, trí phlé grúpa a eagrú chun smaointe a chumadh nó a roinnt, srl.  Tá ráitis de dhíth atá dearfacha agus diúltacha don téama.  Ná cuir ráitis atá róthrom nó atá róláidir ann.  B’fhéidir go mbeadh sé de chlaonadh ag na freagróirí uile an ráiteas a fhreagairt sa bhealach céanna mar go bhfuil an ráitis chomh láidir sin. 
  • Beidh ort sraith freagraí a phiocadh.  Ba chóir go mbeadh an sraith freagraí céanna ag gach ráiteas agus an táille céanna ag baint leo (táille 5 ag ‘aontú go láidir i gcónaí). 
  • Beidh ort triail a bhaint as na ráitis le líon mór dhaoine mar phíolotú, le go mbeidh tú ábalta a ndearcadh i leith na ráiteas a fheiceáil.  Beidh ort ráitis dhiúltacha agus dhearfacha a chur isteach trína chéile. Is sampla ionadaíoch den phobal atá tú ag iarraidh scrúdú a dhéanamh air atá i gceist anseo.
  • Beidh ort táille iomlán a fháil fá choinne gach freagróir.  Déantar é seo trí na táillí atá ag gach freagra a shuimiú.  Faightear táille na bhfreagraí ón rud a dúirt mé thuas, go bhfuil 5 leis an fhreagra, ‘aontú go láidir’ agus go bhfuil 1 leis an fhreagra ‘easaontú go láidir’.  Ansin beidh ort na freagróirí a rangú de réir na dtáillí iomlána.
  • Leis na rudaí ar fad seo déanta agat beidh tú in ann na ráitis don leagan críochnúil den Scála Likert a phiocadh.  Tá cumhacht idirdhealaitheach ag gach ráitis, is é sin gur féidir leat idirdhealú a dhéanamh idir freagraí na ceathairíle uachtaraí (25%) de na freagróirí agus freagraí na ceathairíle íochtaraí (25%) de na freagróirí*. 

*Faightear an chumhacht idirdhealaitheach tríd an phróiseas seo:

  •  
    1. Abair go bhfuil 60 freagróir agat.  Is í an cheathairíl uachtarach ná na 15 leis na táillí is airde, agus an cheathairíl íochtarach ná na 15 leis na táillí is ísle.
    2. Cuirtear i dtábla an méid 1,2,3,4 nó 5 a bhí ag an cheathairíl uachtarach
    3. An rud céanna déanta leis an cheathairíl íochtarach.
    4. Suimítear na táillí iomlána agus na meáin de na ráitis (1,2,3,4+5).

Mar shampla:

Ceathairíl

 

Méid sa cheathairíl Táillí na ráiteas

1 2 3 4 5

Táille iomlán Meáin
Uachtarach 15 0 1 2 7 5 (1.2) + (2.3) + (7.4) + (5.5) = 61 61/15 = 4.07
Íochtarach 15 3 8 3 1 0 (3.1) + (8.2) + (3.3) + (1.4) = 32 32/15 = 2.13
  •  
    1. Ansin is é innéacs na cumhachta indirdhealaithigh ná an difear idir na meáin: 4.07 – 2.13 = 1.94.
  • Agus is iad an freagraí le hinnéacsanna na cumhachta idirdhealaithigh is airde, na cinn a bheith sa scála críochnúil.  De ghnáth bíonn 20-30 ráiteas ann.

 

Is modheolaíocht úsáideach iad na Scálaí Likert dar le Bell a fhad agus go leanann tú na rudaí ráite cheana féin agus go bhfuil an fhoclaíocht soiléir, nach bhfuil aon cheisteanna dúbailte ann agus nach dtagann aon ráiteas neamhfhírinnithe ón taighde (Bell, 2006: 142).

Mar fhocail scoir, is furasta na scálaí seo a líonadh isteach ach tá sé deacair a seiceáil an raibh achán duine á líonadh amach go hiontaofa.  Mar sin, sílim gur mhodheolaíocht taighde úsáideach é seo chun dearcaidh na ndaoine a fháil.  Ach ní féidir leat a bheith ag brath orthu, mar athraíonn meon na ndaoine ó bhomaite go bomaite agus ó lá go lá agus is deacair a fhiosrú an bhfuil an dearcadh cruinn faighte agat ó na daoine sin sa mhodheolaíocht taighde seo.

Leabharliosta

Leabhair:

Bell, J., 2006.  Doing your Research Project: a guide for first-time researchers in education, health and social science (4th edition). Maidenhead: Open University Press

Berg, B. L., 2007.  Qualitative research methods for the social sciences.  Boston: Pearson/Allyn & Bacon.

Bryman, A., 2004.  Social Research Methods.  Oxford; New York: Oxford University Press.

Wei, L., &Moyer, M.G., (eag) 2008. The Blackwell Guide to Research methods in Bilingualism and Multilingualism. Oxford: Blackwell Publishing.

Wisker, G., 2001. The Postgraduate research handbook: succeed with your MA, MPhil, EdD and PhD.  Basingstoke: Palgrave.

Scálaí Likert

Scálaí Likert

Is uirlisí iad scálaí chun fáil amach cé chomh láidir agus atá an mothúchán nó an dearcadh atá ag duine/daoine ar théama áirithe.  Tá réimse mór scálaí ann, cuid acu atá casta le cruthú agus le hanailisiú, (mar shampla, Scálaí Thurstone agus Guttman).  Is é an ceann is éasca le hionramháil dar le Judith Bell ná an Scála Likert (Bell, 2006).

Cruthaíodh fear darb ainm Rensis Likert an scála seo sna tríochaidí.  Is bealach é le crobhaing dearcaidh a imscrúdú (Bryman, 2008: 145).  Go bunúsach séard atá sa Scála Likert ná treoir míreanna-iolracha (multiple-item measure??) ar (set of) dearcaidh bainteach le téama áirithe.  Deir Bryman gurb é sprioc an Scála Likert ná tréine mhothúchán ó thaobh an téama áirithe sin a thomhas (Bryman, 2008: 146).  Tá an scála Likert feicthe againn uilig agus líonta amach againn sna paipéir nuachtáin nó sna hirisí.  Go hiondúil, is sraith ráiteas atá i gceist (nó míreanna de réir Bryaman (Bryman, 2008: 146)) a dhíríonn isteach ar théama áirithe, agus ansin faoi na ráitis bíonn rogha freagraí agat a léiríonn cé chomh láidir agus a aontaíonn tú leis an ráiteas nó nach n-aontaíonn tú leis an ráiteas.  De ghnáth is é an leagan amach a bhíonn in úsáid ag na scálaí chun na mothúcháin a léiriú ná scála chúig-phointe a théann ó ‘aontú go láidir / strongly agree’ go ‘easaontú go láidir / strongly disagree’.  Ach chomh maith leis sin is féidir leat scála seacht-bpointe agus rudaí eile in áit ‘aontú go láidir’, mar shampla nuair atá cúrsaí ama i gceist is féidir leis an scála dul ó ‘go han mhinic’ go ‘go hannamh’.  Go hondúil bíonn suíomh sa lár fá choinne freagra neodrach a thabhairt mar shampla, ‘ní aontaím nó ní easaontaím / either agree nor disagree’ nó ‘éiginnte / undecided’.

            Is é an cúis taobh thiar de na na scálaí Likert ná go bhfuil tú in ann táille (score??) a thabhairt d’achán freagra, agus ansin ag an deireadh cuirtear na táillí uilig le chéile chun táille iomlán a thabhairt.  Deir Bryman go léiríonn an táille ard go bhfuil mothúcháin láidir ag an duine sin, mar shampla, bhfaigheá táille ard (5) leis an fhreagra, ‘aontú go láidir’ agus ní bhfaigheá ach táille íseal (1) leis an fhreagra ‘easaontú go láidir’,(Bryman, 2008: 146). 

            In amanna bíonn cuma suimiúil ar na scálaí seo agus is minic a bhaineann daoine sásamh as na scálaí seo a líonadh isteach dar leis Robson (Robson, 1993: 256).  Síleann Robson go dtiocfadh leis seo a bheith tábhachtach, mar, a fhad agus go bhfuil duine ag baint taitneamh as an rud a dhéanamh beidh seans níos fearr ann go mbeadh an duine sin ag tabhairt freagraí níos bhreithnithe (considered?) in áit freagraí lagmheasartha (indifferent/perfuctory??).  Déanann sé sin ciall dár ndóigh, mar ní bheidh daoine sásta an t-am a chaitheadh ar fhreagraí a chur leis an cheistiúchán nó pé rud atá ann má tá Cuma leadránach air.

Chun Scála Likert a chruthú: (Robson, 1993: 256).

  • Beidh ort rudaí a tharraingt le chéile a bhfuil an Cuma orthu go bhfuil siad tábhachtach don téama; is féidir leat sé sin a dhéanamh trí amharc ar scálaí atá ann cheana, ‘brainstorming’ srl.  Tá rudaí de dhíth atá dearfach agus diúltach don téama.  Ná bí ag cur ráitis as cuimse (extreme??) ann, bíonn tionchar acu seo ar an duine agus iad ag freagairt mar gur féidir leis an dearcadh céanna a bheith ag gach aon duine mar go mbeadh móthúcháin iontach láidir i gcoinne an ráiteas mar go bhfuil sé chomh ‘extreme’ sin.
  • Ba chóir chomh mbeadh sraith fregraí céanna ag gach ráiteas agus an táille céanna ag baint leo.
  • Seiceáil a dhéanamh ar líon mór daoine roimh réidh ar na ráitis le go mbeidh tú cinnte an bhfuil siad fóirsteanach nó maith go leor. (sampla ‘representative’ den phobal atá i gceist).
  • ‘Discriminative Power’ (???) (DP) a oibriú amach.

 

*Faigheann tú an Discriminative Power tríd na rudaí seo a dhéanamh: (níl mé go hiomlán cinnte ar an rud seo agus conas é a rá i nGaeilge mar sin níl mé ag dul é a scríobh amach sa dréacht)

Ach tá cúpla rudaí ba chóir duit coinneáil i d’intinn ‘s tú ag deileáil leis an Scála Likert: (Bryman, 2008: 147). 

  • Is ráitis atá i gceist chan ceisteanna.
  • Beidh na ráitis sin bainteach leis an téama céanna. (post, eagraíocht, dífhostaíocht srl.)
  • Ba chóir go mbeadh na míreanna atá ann comhghaolmhar (interrelated).

 

(Beidh orm rud a rá faoi cé chomh úsáideach ‘s atá an Scála Likert mar mhodeolaíocht (nó buntaistí, míbhuntaistí)ach tá mé fós ag cuartú freagra as na leabhair srl.)

Conclúid

(ag athrá cad é an Scála Likert ‘s cén dearcadh atá agam ar anois mar mhodheolaíocht taighde)

Leabharliosta

Leabhair:

Bell, J., 2006.  Doing your Research Project: a guide for first-time researchers in education, health and social science (4th edition). Maidenhead: Open University Press

Berg, B. L., 2007.  Qualitative research methods for the social sciences.  Boston: Pearson/Allyn & Bacon.

Bryman, A., 2004.  Social Research Methods.  Oxford; New York: Oxford University Press.

Wei, L., &Moyer, M.G., (eag) 2008. The Blackwell Guide to Research methods in Bilingualism and Multilingualism. Oxford: Blackwell Publishing.

Wisker, G., 2001. The Postgraduate research handbook: succeed with your MA, MPhil, EdD and PhD.  Basingstoke: Palgrave.

cuidiu de dhith

treoir míreanna-iolracha (multiple-item measure??)

Labov, T. (1992). Social and language boundaries among adolescents. American Speech, 67, 339-366.

Údar,

Réimse taighde an údair agus an ábhair,

Fáil agus áisiúlacht:

Is sochtheolaí í Teresa Labov a bhí pósta leis an sochtheolaí mór eile William Labov.

San alt, athbhreithníonn sí sainmhínithe bhéarlagair agus taighde ar fhoclóir an bhéarlagair ógánaigh, go háirithe le béim ar fhochultúir na n-ógánach; léiríonn sí sonraí ag tuairisciú aithne bhéarlagair na n-ógánach; agus anailísíonn sí an éagsúlacht in úsáid na bhfocal thar sé ghrúpaí sóisialta.

Bhí sé éasca an t-alt a fháil ar e-knowledge ar suíomh idirlín na leabharlainne agus fuair mé é ansin ó JSTOR ach ní raibh sé éasca teacht ar eolas fuithi, bhí rudaí ag teacht suas faoi Wiliam Labov in áit Teresa.

Ar fáil ar líne ag:

http://links.jstor.org.libgate.library.nuigalway.ie/stable/pdfplus/455845.pdf?acceptTC=true

Eder, D. (1988). Building cohesion through collaborative narration. Social Psychology Quarterly, 51, 225-235.

Údar,

Réimse taighde an údair agus an ábhair,

Fáil agus áisiúlacht:

Is ollamh í Eder i nDámh na Socheolaíochta in Ollscoil Indiana.  Tá an-chuid ailt irisleabhair scríofa aici i réimse na hinscne, oideachais agus chultúir na mban.

Díríonn an t-alt ar cad é mar atá an chaint úsáidte chun dlúthpháirtíocht i measc na ndaoine a chur in iúl nó a láidriú.  Eochairfhocail ná:cumarsáid idirphearsanta, déagóir, baineann, sochtheangeolaíocht.

Bhí sé éasca an t-alt a fháil ar e-knowledge ar suíomh idirlín na leabharlainne agus fuair mé é ansin ó JSTOR.

 

Ar fáil ar líne ag:

http://links.jstor.org.libgate.library.nuigalway.ie/stable/pdfplus/2786921.pdf

Cutler, C. A. (1999). Yorkville crossing; White teens, hip hop and African American English. Journal of Sociolinguistics, 3, 428-441.

Údar,

Réimse taighde an údair agus an ábhair,

Fáil agus áisiúlacht:

Tá sé bainteach le teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht agus is é réimse saineolais an údair seo ná: teanga agus féiniúlacht laistigh den phobal geal; na daoine óga agus hip-hop; AAVE; idé-eolaíochtaí teanga; dearcadh an mhúinteora ar AAVE; agus stíleanna teanga.

Díríonn an t-alt ar thaighde sochtheangeolaíoch ar fhorléiriú teangeolaíoch na féiniúlachta, dhírigh sí ar dhéagóir geal méanaicmeach ó NYC a bhaineann úsáid as eilimintí AAVE (trasnú teanga).  Tagann sé arais go saincheisteanna ardaithe i dtaighde Hatala (1976) ar Charla agus athmheasúnú Labov ar an obair sin.

Bhí sé éasca an t-alt a fháil ar e-knowledge ar suíomh idirlín na leabharlainne agus fuair mé é ansin ó EBSCOHOST.

Ar fáil ar líne ag:

http://web.ebscohost.com.libgate.library.nuigalway.ie/ehost/detail?vid=1&hid=113&sid=a11b8d8f-02c0-4b03-a47e-e0469b85e02b%40sessionmgr111&bdata=JnNpdGU9ZWhvc3QtbGl2ZQ%3d%3d#db=sih&AN=3412631

Bucholtz, M. (1999). You da man: Narrating the racial other in the production of White masculinity. Journal of Sociolinguistics, 3, 443-460.

Údar,

Réimse taighde an údair agus an ábhair,

Fáil agus áisiúlacht:

Is ollamh í Mary Bucholtz le teangeolaíocht in UC Santa Barbara.  Tá clú uirthi mar gheall ar a ranníocaíochtaí don taighde ar teanga agus féiniúlacht laistigh den teangeolaíocht shoch-chúlturtha.

Is alt é a dhíríonn ar thaighde sochtheangeolaíoch ar fhorléiriú teangeolaíoch na féiniúlachta, díríonn sí ar bhuachail geal a ailíníonn é féin le cultúr óige na ndaoine gorma agus a bhaineann úsáid as eilimintí de bhéarlagair Bhéarla Afracach-Meiriceánach (AAVE African American Vernacular English) ina chuid cainte.

Bhí sé éasca an t-alt a fháil ar e-knowledge ar suíomh idirlín na leabharlainne agus fuair mé é ansin ó EBSCOHOST SocINDEX.

Ar fáil ar líne ag:

http://web.ebscohost.com.libgate.library.nuigalway.ie/ehost/detail?vid=1&hid=113&sid=50ed10c9-6954-4951-a795-8a9ac6eb9dd8%40sessionmgr110&bdata=JnNpdGU9ZWhvc3QtbGl2ZQ%3d%3d#db=sih&AN=3412632#db=sih&AN=3412632

Chun Deiridh (Sean-Ailt)