cad e mar a chruthaionn tu blogroll?
sinead
Just another WordPress.com site
28 MFó 2010 Freagraí: 3
Achoimre:
Baineann an t-alt le cumhacht na teanga agus na hógánaigh, deir Eckert go bhfuil óg-chultúr ann mar thoradh ar an fhuireachas a bhíonn ag na hinstitiúidí forlámhaithe ag daoine fásta (méanscoil). Is gá don tsochaí a fheiceáil go bhfuil iompar na n-ógánach múnlaithe ag na suíomhanna lena theagmhaíonn siad.
Is ó na hinstitiúidí forlámhaithe ag daoine fásta a dtagann an t-ord sóisialta phiara agus imríonn an teanga ról lárnach i gcruthú agus coimeád an t-ord sóisialta sin. Tá feidhm stíleach ag an teanga, cruthaíonn sé sainiúlacht agus cuidíonn an stíl chun an suíomh ina bhfuil na hógánaigh a mhíniú agus áit a éileamh ann. Feictear é seo go soiléir sa choimhlint idir an teanga caighdeánach (institiúidí) agus an chanúint (dearcadh frith-hinstiúideach). Baintear úsáid astu le seasamh áirithe a léiriú nó teorainneacha le grúpaí eile a shoiléiriú, ach chomh maith leis sin is féidir leo teorainneacha a léiriú laistigh den ghrúpa féin, mar shampla, léiríonn canúint láidir ag duine amháin mothúcháin níos láidre ná ag na daoine eile sa ghrúpa.
Is é béarlagair nuáil foclóireachta na ngrúpaí mídhlísteanacha, na hógánaigh ina measc. Is cuid de stíl é a bhíonn sothuigthe laistigh den phobal ina chruthaítear é, mar shampla béarlagair na favelas i Rio de Janeiro. Cé go dtagann an béarlagair ó ghrúpaí neamhthairiseacha ógánta, corruair úsáideann na hógánaigh meánaicmeacha é chun iad féin a imeallú ón sheanghlúin, cé nach dteastaíonn uathu iad féin a imeallú ón mheánaicmeach féin.
Is é tuairim Eckert go bhfuil na hógánaigh chun tosaigh ar na haoisghrúpaí eile ó thaobh athrú teangeolaíochta de. Tá áit mhaith acu chun athrú sóisialta a fhreagairt. Tá siad ag athmhíniú an domhain agus ag cruthú údaráis nua a glacfaidh siad ar aghaidh mar an chéad ghlúin eile. Síleann Eckert gur phobal institiúidithe iad na hógánaigh, rud atá dianaithe nuair atá anbhá morálta ann faoi iompar na n-ógánach, go háirithe ó thaobh teanga de agus is é an toradh ar sin na go ndéantar ‘eile’ de na hógánaigh ag na daoine fásta.